Téarmaí
Téarmaí
Conradh á chur i gcrích
Déantar idirbhearta ar leith a chur i gcrích ar bhonn orduithe ó chustaiméirí trí siopa ar líne. Is féidir tús áite a thabhairt do thairiscint ón soláthróir ach ordú ceangaltach a ullmhú ag eascairt ó iarratas ón gcustaiméir. Seachas sa chás go mbeadh a mhalairt aontaithe, ta na téarmaí seo i bhfeidhm do chaidreamh i bhfoirm conartha idir an soláthróir agus an ceannaitheoir.
Ordú
Is gá go mbeadh an t-eolas seo a leanas in aon ordú ceangailteach:
- Ainm agus sloinne an chustaiméara, áit cónaithe (más éagsúil ón seoladh seachadta), teagmháil teileafóin agus seoladh leictreonach
- Earra ata á cheannach luaite go soiléir agus an costas
- Má tá eolas neamhiomlán san ordú d'fhéadfaí, an soláthróir amháin, é a dhiúltú nó é a chur ar ceal.
- as seirbhísí a sholáthar a soláthraíodh lena thoil roimh deireadh an tréimhse 14 lá ó a glacadh leis na seirbhísí
- as earraí nó seirbhísí, ar a mbraitheann a luach ar luaineachtaí sa mhargadh airgeadais, ata neamhspleách ar an soláthróir
- d'earraí a déanadh mionathrú orthu ar iarratas ón dtomhaltóir nó dó féin mar dhuine; tagann sé seo san áireamh d'earraí a théann ó mhaith go mear, a éiríonn caite nó as feidhm
- do fuaimthaifeadtaí agus físthaifeadtaí agus cláir ríomhairí má rinne an tomhaltóir damáiste don bunphacáistiú
- as nuachtáin, irisí agus irisleabhair
- ina mbíonn cluichí agus crannchuir
Deimhniú ar Ordú
Tar éis ordú a fháil, seolfaidh an soláthróir post leictreonach mar dheimhniú go dtí an custaiméir. Tá sé de riachtanas ar an soláthróir deimhniú ar ordú a sheoladh chuig an custaiméir san achar is lú ama, gan dul thar trí lá oibre tar éis an ordú d'fháil. Roimh aon ordú a dheimhniú, ta seans go mbeadh ga le haon eolas neamhiomlán a ghlanadh suas maraon le stádas ó thaobh stoic ag tsoláthróra a thógaint san áireamh. Tar éis ordú a dheimhniú, glactar leis go bhfuil se ceangailteach agus tá dualgas ar an dá pháirtí é seo a chomhlíonadh.
Cealú ar Ordú
Tar éis don soláthróir an t-ordú a dheimhniú, is á aon athrú nó cealú ar an ordú a phlé go díreach leis an soláthróir. Ma dhiúltaíonn custaiméir glacadh le hearraí a ordaíodh (gan rabhadh roimyh ré a thabhairt don soláthróir), coimeádann an soláthróir de cheart acu féin táille cealaithe a ghearradh ar an gcustaiméir, a chlúdóidh na costais tógtha ag an soláthróir air féin.
Tréimhse seachadta
Tá dualgas ar an soláthróir earraí ordaithe a sheoladh san am is lú. De ghnáth tógann sé 1-5 lá oibre ordú a líonadh ó stoc an tsoláthróra ina áis stórála. Munar féidir leis an soláthróir ordú an chustaiméara a líonadh, beidh ar an soláthróir é seo a chur in iúl don chustaiméir agus dáta nuair a líonfar an t-ordú. I gcás mar seo, líontar an t-ordú de ghnáth laistigh de 4 seachtain, agus uaireanta tógann sé níos faide i gcásanna eisceachtúla.
An tOrdú a Sheoladh
Tá dualgas ar an soláthróir earraí a sheoladh sa mhodh a aontaíodh leis an gcustaiméir. íocfaidh an custaiméir costas seachadta de CZK 90.
Coinníollacha Íocaíochta
Úsáidtear COD mar ghnáth mhodh íocaíochta ar ordú caighdeánach seolta ag an soláthróir, nó airgead tirim sa chás go dtugtar ar láimh é.
Baránta
Tá baránta ar an réimse ar fad earraí ar feadh 24 mí.
Gearáin
Réitítear gearáin trí mhalartú nó comhréiteach ar bhonn aonair. Is féidir leis an custaiméir, ar pé chúis, an conradh ceannaigh a fhoirceann agus na hearraí a thabhairt ar ais i riocht maith go seoladh an tsoláthróra. Ta sé de cheart ag an dtomhaltóir faoi alt 6 don leasú ar an gCód Sibhialta, uimh. 367/2000 astharraingt ón gconradh laistigh de 14 lá ón am a ghlacann siad leis na hearraí. Má bheartaíonn an tomhaltóir é seo a dhéanamh, is gá do na hearraí bheith gan dochar, sa phacáistiú a bhí orthu an chéad lá, agus bheith seolta ar ais laistigh don tréimhse luaite ( oibrithe amach ón dáta a seoladh). Roimh é a sheoladh ar ais go dtí ár seoladh, iarraimid go seolfaí astharraingt fhoirmiúil ón conradh ceannaigh (ar r-phost) leis an uimhir orduithe. Iarraimid chomh maith go dtabharfá cúis le do chinneadh (ní riachtanas dlíthiúil é seo ná coinníoll againn ar aon aisíoc) - chabhródh sé linn ár seirbhís a fheabhsú. Tar eis dúinn na hearraí d'fháil ar ais, aisíocfar an t-airgead, lúide costais seachadta, go dtí seoladh an cheannaitheora nó go cuntas an cheanaitheora gan a bheith níos déanaí ná 14 lá oibre tar éis an nóta creidmheasa sínithe d'fháil. Seolfar e seo láithreach go seoladh an cheannaitheora tar eis do na hearraí bheith faighte ar ais go fisiciúil agus iad a sheiceáil. Ní féidir aon earraí a sheoladh ar ais COD agus diúltófar d'aon phacáiste mar seo ar an bpointe agus seolfar ar ais go dtí an té a sheol.
Ní ceadmhach don chustaiméir tarrac siar as an gconradh ceannaigh i gcomhréir le halt 7 de leasú ar an gCód Sibhialta, uimh. 367/2000:
Cosaint sonraí pearsanta
Déanaimid do phríobháideachas a urramú. Ionas gur féidir linn seirbhís cheart a sholáthar duit, tá roinnt sonraí pearsanta fút de dhíth orainn. Cosnóimid na sonraí ó aon mhí-úsáid agus go deo ní thabharfar don tríú páirtí iad. Trí an siopa Idirlín, aontaíonn tú le bailiú agus úsáid eolais fút agus na nithe a cheannaíonn tú faoi na coinníollacha atá luaite cheana. Trí eolas shainiúil a sholáthair, toileann tú bheith coimeádta ar an eolas faoi nuacht a bhaineann lenár siopa Idirlín ar r-phost nó ar teileafón. Muna dteastaíonn an t-eolas seo uait a thuilleadh, is feidir leat deireadh a chur leis an gcuid seo den seirbhís ag aon am. Is fút-sa i gcónaí atá sé clárú a chealú nó cealú iomlán a dhéanamh.